Baile

 

 

Éilís Ní Chonghaile

Thug Éilís Ní Chonghaile cuairt ar an scoil ar an Luan 7/11/11.  Rinne Éilís éacht ag Oireachtas na Gaeilge . Fuair sí an chéad áit i gCorn na mBan ar an Aoine agus ansin tháinig sí sa triú áit i gCorn Uí Riada ar an Satharn. Is iarscolaire leis an scoil í agus tá muid ar fad an-bhródúil aisti. Labhair sí le páistí na scoile faoi na hamhráin agus chas sí an tamhrán álainn ‘Amárach Lá’le Pádraig’ dhúinn.  Comhghairdeachas ó chroí leat a Éilís. 

 

Féile na Mí   2011

Féile na Mí 2011

Comhghairdeachas leis na páistí ar fad a ghlac páirt i bhFéile na Mí 2011. Chas chuile dhuine acu  amhrán ar an sean-nós  agus  rinne go leor acu  damhsa ar an sean-nós freisin. Bhí an-spraoi againn ag an tionól ar an Luan 21/11/11  ag éisteacht leo agus ag breathnú orthu ag damhsa!

smileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmileysmiley

                              


Oíche Shamhna 2011

 

 

 

 

 

 

 

 

Coláiste Mhuire Marino

Tháinig scolairí ó Choláiste Mhuire Marino chuig an scoil ar an Aoine  7/10/11. Rinne  na múinteoirí ceachtanna éagsúla le páistí na scoile.    Roinneadh rang 3, 4,5 & 6  i gcúig ghrúpa   Ceol i Rang 5, Amhránaíocht  i Rang 6, Eolaíocht  i Rang 3,  Iománaíocht  sa halla agus  Damhsa i Rang 4 . Bhí an-trathnóna ag paistí na scoile.

   

 

  

 


Fr. Murphy's

 

Bhí an-la do deo ag na páistí a ghlac páirt san lúthchleasíocht ag Fr Murphy’s ar a gCéadaoin 14/9/11.

Táimid an-bhródúil as na páistí ar fad.  Bhíodar iontach bail ó Dhia orthu. Thug  cailíní na scoile an chraobh leo  don scoil is fearr  agus  fuair na buachaillí an dara háit.

 Chríochnaigh chuile dhuine an cúrsa agus thug siad spreagadh  agus tacaíocht dhá chéile le linn na rásaí.
Fuair siad ar fad pasanna saor ó obair bhaile mar gheall ar a gcuid iompar iontach agus an éacht iontach a rinne siad.

 

 

 

 

 

 

Rang 3- Féile Drámaíochta 2011

D'éirigh le Rang 3 dul ar aghaidh chuig an bhFéile Náisiúnta sa Mhuileann gCearr i mbliana. Rinne siad an-chleachtadh go deo air agus chuir siad an-chuid rudaí nua leis an dráma don chraobh. Tháinig an-chuid tuismitheoirí chun iad a fheiceáil agus rinne an rang a seacht mhíle dícheall. Ar an mí-adh, níor éirigh leo an chéad áit a fháil....ach bhí siad an bhródúil astu féin. Bhí chuile dhuine sa scoil an-bhródúil astu chomh maith!!

 

Lá Spóirt 2011

Bhí lá spóirt againn ar an Luan 27 Meitheamh. Lá den scoth a bhí ann agus ghlac chuile gasúir beo sa scoil páirt ann. Rinne siad an - chuid rudaí difriúla. Ina measc siúd bhí cúrsa bacainní, javelin a chaitheamh, ceol agus damhsa, peil, rásaí ar nós an rás trí-chosa, spúnóg agus fata, cluichí sa halla, cispheil agus spraoi leis an bparaisiút. Ansin bhí cúpla cluiche ranga againn leis an dtarraingt téid agus ciceanna píonóise.

 

 

 

 

100011000210003cuirt cispheileDSCF0352DSCF0401DSCF0414DSCF0414[1]DSCF0415[1]DSCF0531[1]DSCF0563DSCF0570[1]naionain Bheaga

 

 

 

 

 

 

 

Fáilte

Fáilte chuig Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn

Stair na Scoile

Stair na Scoile
Osclaíodh an scoil i 1936 i dteach beag thíos i nDriseog. Fuair an scoil foirgneamh buan i lár Ráth Chairn i 1937. Tháinig gach páiste as Ráth Chairn. Shiúil siad ar fad chuig an scoil. Bhí beirt mhúinteoir ag múineadh ann, Seán Ó Coisdealbha agus a bhean chéile Íne Bean Uí Choisdealbha. Bhí ceithre rang an duine acu.
Bhí clós ann do bhuachaillí amháin agus clós eile do na cailíní. Bhí trí sheomra ranga sa scoil. Lasadh tine gach maidin. Ní raibh aon leithreas sa scoil ach bhí ceann tirim ag bun an chlóis.

Bhí an-suim ag Bean Uí Choisdealbha sa gceol agus go háirid in amhránaíocht ar an sean-nós. Ghlac na páistí pairt i gcomórtaisí amhránaíochta, rince gaelach agus scéalaíochta.
De réir a chéile, tháinig páistí uaidh na ceantracha timpeall chuig an scoil. D'fhág Seán Ó Coisdealbha sa mbliain 1964. Tháinig príomhoide nua, Niall Mac Suibhne. D'fhág seisean an scoil i 2001. Bhí seisear múinteoirí sa scoil nuair a d’fhága sé.

Tá Mairéad Ní Cheallaigh ina príomhoide ó 2001. Tá an-fhás agus forbairt déanta ag an scoil ó shin. Tá deichniúr múinteoirí ar an bhfoireann, beirt  cúntóirí ranga speisialta agus beirt cúntóirí teangan. Tá rúnaí, glantóir agus airíoch ag an scoil freisin.
Tá foirgneamh álainn againn anois agus cuireadh síneadh iontach leis an scoil i 2009. Tá gairdín gleoite againn freisin agus bíonn chuile rang ag cur agus ag baint fataí, píseanna, meacna dearga agus go leor glasraí eile.

Tá clú agus cáil ar an scoil i dtaobh amhránaíocht ar an sean-nós, ceol, damhsa agus drámaíocht. Tá peileadóirí agus iománaithe iontacha againn chomh maith. Tá grúpa ceoil den scoth againn agus glacann muid páirt i gCoirm agus iarrtar muid ag go leor ócáidí speisialta m.sh Lánseáil Séideán Sí, Tuarascáil na Gaeltachta , Lá Gaelach i bhFarmleigh chomh maith le go leor ócáidí áitiúla.

Ráiteas Misin

Is scoil chomhoideachasúil, Ghaeltachta, Chaitilceach, í Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Tá sé mar aidhm againn an páiste a chothú sna gnéithe uilig dá s(h)aol – na gnéithe spioradálta, morálta, cognaíocha, mothúchánacha, samhlaíocha, aeistéitiúla, sóisialta, fisiceacha agus cultúrtha .

Is scoil Ghaeltachta í Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn. Is í an Ghaeilge teanga na scoile. Déanfar chuile iarracht bród agus mórtas as seoda na hÉireann - an teanga Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chothú sna páistí.

Is scoil Chaitliceach í Scoil Uí Ghramhnaigh a chuireann luachanna an tSoiscéil chun cinn.

Déanfar chuile iarracht forbairt ghairmiúil na foirne mar aonad a chur chun cinn le cláracha forbartha foirne i Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn.

Tacóidh Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, go fonnmhar le tuismitheorí trí theangmháil idir an scoil agus an baile agus trí ghíomhaíocht le Cumann na dTuismitheoirí.

Déanfaidh Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Cairn, iarracht féinmheas chuile dhuine atá i bpobal na scoile a chothú. Spreagfar na páistí le meas a bheith acu ar chuile dhuine, ar a maoin agus ar a sealúchas agus cothófar féinfhreagracht sna páistí.

Cothóidh Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, comhionannas gnéis i measc na foirne agus i measc páistí na scoile.

Scoil Uí Ghramhnaigh

Ráth Chairn
Áth Buí
Co.na Mí


Fón: 046 - 9432837

Facs: 046 - 9430825

ríomhphost: bunscoilrathchairn@gmail.com